lean muid
Séasúr an Earraigh 2026 / Spring Season 2026
Séasúr an Earraigh 2026 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Earraigh 2026 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar le Better Days (An Bheilg, 2025) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 29 Eanáir.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €10 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo:
https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 29 Eanáir: Better Days
  • 05 Feabhra: Palestine 36
  • 12 Feabhra: Souleymane's Story
  • 19 Feabhra: Anora
  • 26 Feabhra: Young Mothers
  • 12 Márta: Aontas
  • 19 Márta: Sentimental Value
  • 26 Márta: Animalia
  • 02 Aibreán: The Voice of Hind Rajab
  • 09 Aibreán: It Was Just an Accident
  • 16 Aibreán: No Other Choice