An Seomra Ranga

Entre les murs (The Class)

Stiúr: Laurent Cantet
An Fhrainc 2008
128 nóiméad - Teastas: 12A
Ní léireofar scannán is fearr i mbliana ná An Seomra Ranga le Laurent Cantet, scannán a thugann spléachadh ar bhliain amháin i seomra ranga atá faoi stiúir múinteora óig Marin (François Bégaudeau). Tá an scoil lonnaithe i gceantar garbh i bPáras agus is scoil mheasctha í, agus daoine gorma, Arabaigh agus Áisigh ag freastal uirthi. Is é an dúshlán Marin, fearacht gach múinteora eile, grá don fhoghlaim a thabhairt d'ógánaigh ar cuma leo go minic, ach is dúshlánaí fós an beart é sa scoil áirithe seo. Is iontach an bealach a dhéileálann sé leis na daltaí - ní ghéilleann sé dóibh riamh agus déanann sé iarracht féinmhuinín a thabhairt dóibh mar aon le labhairt cheart na Fraincise in áit a bhfuil an teanga thraidisiúnta ag meath. - David Noh / Film Journal International

Buaiteoir - Palme D’Or, Féile Scannán Cannes 2008