Mac an Ghrósaera


(Le fils de l'épicier)

Stiúr: Eric Guirado
An Fhrainc 2008
96 nóim. - Teastas: Club
Tá na príomhaisteoirí dathúil agus tá an saol ar a dtoil acu sa scannán seo, Mac an Ghrósaera. In ainneoin téamaí seantriallta agus radharcra aoibhinn, insíonn an léiritheoir Francach, Eric Guirada, scéal deas macánta a thugann léargas ar dhaoine agus iad ag caitheamh an tsaoil ó lá go lá. Tá Nicolas Cazalé agus Clothilde Hesme fíormhaith sa scéal seo faoi mhac grósaera a fhilleann ar a bhaile dúchais le dul i mbun oibre i siopa a athar. Chonaic nach mór 300,000 duine an scannán seo in ainneoin nach raibh sé sna scannánlanna ach ar feadh tréimhse gairide i rith an tsamhraidh.

Tar éis do Guirado sraith cláracha teilifíse a dhéanamh faoi dhaoine a thug an bóthar orthu féin mar chuid dá bpostanna, bheartaigh sé ar an scannán seo a dhéanamh. Gan dul i bhfad scéil leis, léiríonn Mac an Ghrósaera go mbraitheann daoine aosta a bhfuil cónaí orthu i sráidbhailte iarghúlta ar nithe chomh simplí le cuairt an ghrósaera in aois seo an idirlín agus na nguthán póca.

Tá an scannán seo lán de dhóchas ach is scéal fíor agus inchreidte ag an am céanna é. Ní mór aitheantas a thabhairt don script agus do na haisteoirí as scannán aoibhinn a dhéanamh de Mhac an Ghrósaera. - Boyd Van Hoelj, European Films