El Sur thumb
Stiúr: Victor Erice
An Spáinn, An Iodáil 1983
95 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Áirítear é seo ar cheann de na scannáin is fearr a rinneadh riamh sa Spáinn agus is beag duine nach gcuireann sé tocht air/ uirthi. Scéal Estrella atá ann, cailín atá ag fás suas i dtuaisceart na Spáinne sna 1950í ach atá ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar dheisceart na tíre, an áit inar saolaíodh í. Is dochtúir a hathair ach ní bhíonn fonn air labhairt faoina óige san Andalúis agus tá tuairim ag Estella go raibh sé sáite sa gCogadh Cathartha. Téann sí ag cartadh agus déanann sí iarracht eolas a fháil faoi chúlra a hathar. Tá léiriú faoi leith ann ar chuimhní agus ar mhianta an duine, chomh maith leis an gcumha, agus is cinnte go gcuirfidh aisteoireacht chumasach, íomhánna áille agus fuaimrian diamhair an tsaothair seo an lucht éisteachta faoi gheasa.