Rocky Ros Muc thumb
Stiúr: Michael Fanning
Éire 2017
92 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Scéal an dornálaí as Conamara, Seán Ó Mainnín, atá sa scannán faisnéise seo. D’fhág an Mainníneach Ros Muc sna seachtóidí agus thug a aghaidh ar Bhostún, áit ar casadh comrádaithe James ‘Whitey’ Bulgar air agus mórán eile nach iad. Dhírigh Ó Mainnín ar an dornálaíocht agus i 1984 throid sé do Chraobh Mheánmheáchain WBA an Domhain in Madison Square Garden. Scrúdaíonn Rocky Ros Muc an spiorad a bhain le bheith ag troid sa gcró agus na fadhbanna a bhí ag an Mainníneach lasmuigh de chomh maith. Pléann sé le cúrsaí imirce agus an tionchar a bhíonn ag an imirce ar fhéiniúlacht an duine agus an phobail.

Beidh léiritheoirí Máire Bhreathnach agus Rónán Mac Con Iomaire ag an taispeántas seo.

Rocky Ros Muc thumb
Rocky Ros Muc thumb
Rocky Ros Muc thumb
Rocky Ros Muc thumb
Rocky Ros Muc thumb
Rocky Ros Muc thumb
Rocky Ros Muc Michael Fanning thumb