Confhiacal

(Kynodontas)

Stiúr: Yorgos Lanthimos
An Ghréig 2009
97 nóiméad
Teastas: 18
Tugtar aghaidh ar chóid chultúir sa léiriú seo ar theaghlach a bhfuil a dtrioblóidí féin acu. Tá an teaghlach ar fad faoi lais ag an athair agus é ag iarraidh a bhean chéile agus na leanaí a chosaint ar olc an tsaoil lasmuigh den tigh. Cuireann tógáil aisteach na leanaí isteach go mór ar an tslí a n-iompraíonn siad iad féin. Níl de shiamsaíocht acu ach físeáin atá déanta sa bhaile, cuirtear ina luí orthu gur arrachtaí scanrúla atá i gcait, agus éisteann siad go fonnmhar le hamhráin Frank Sinatra ó chreideann siad gurb é a seanathair é. Ach cuirtear isteach ar an saol aisteach seo nuair a chastar bean ón taobh amuigh ar an teaghlach.

Tugann an scannán faoi eiticí na meánaicme gan trócaire, agus léirítear an t-uisce faoi thalamh a bhaineann le saol an teaghlaigh. Is iontach an léiriú é seo ó Lanthimos.

Dimitri Eipides, Féile Idirnáisiúnta Scannán Torontó