An Cailín a bhuail cic do Choirceog na Cornfhoiche

(Luftslottet som Sprängdes)

Stiúr: Daniel Alfredson
An tSualainn 2009
148 nóiméad
Teastas: 16
Sa scannán seo feictear arís Lisbeth Salander, an punc, an haicéir agus ag banlaoch sa chuid dheireanach de thrí scéal an scríbhneora Stieg Larsson, nach maireann. Ba don teilifís a rinneadh an scannán seo an chéad lá riamh. Rinne an léiritheoir Daniel Alfredson an ceann seo díreach i ndiaidh dó an dara cuid den scéal, An Cailín a bhí ag plé le Tine a dhéanamh. Léirítear an scannán seo ar luas lasrach ina ainneoin nach dtarlaíonn an oiread sin ann.

Tá roinnt radharcanna as an scannán eile sin "Tine" fite fuaite le tús an scannáin áirithe seo "Coirceog na Cornfhoiche" agus ansin cuirtear tús i gceart leis agus Salander (Noomi Rapace) á tabhairt isteach san ospidéal agus í clúdaithe le fuil. Ba mhain leis an póilíní í a cheistiú faoin lámhachadh a tharla ag deireadh an scannáin eile, ach ní thugann an dochtúir (Aksel Morisse) aon chead do na póilíní – ná don síciatraí teanntásach (Anders Ahlbom) a chaith go dona léi agus í ina páiste – dul in aice léi nó go mbeidh sí ar a seanléim arís.

Tríd is tríd déanann na haisteoirí ón tSualainn sárjab den scannán seo. Fearacht an dá chuid eile den scéal seo, caint ar fad, geall leis, atá sa scannán seo gan mórán radharcanna aicsin. (Nuair a bhíonn radharcanna aicsin ann, ba dhóigh leat nach bhfuil aon ghá leo.) Bíonn teannas le brath sa scannán seo ó thús deireadh, beagnach. Léimtear ó radharc go radharc agus tugtar leid anseo is ansiúd den mhéid a thitfidh amach níos déanaí sa scannán.

Boyd Van Hoeij, Variety