Padre Padrone

Stiúr: Paulo Taviani, Vittorio Taviani
An Iodáil 1977
113 nóiméad
Teastas: 18
Scéal faoi mhac agus é ag fás aníos le hathair tíoránta. Caitheann Gavino a chuid ama leis féin agus é ina aoire sa tSairdín. Níl léamh ná scríobh aige. Ar deireadh thiar thall seasann sé an fód i gcoinne a athar agus téann sé i ngleic leis an léann nó go mbaineann sé céim amach. Tagann sé ar thuiscint nua air féin agus ar an gcumas cumarsáide atá aige. Tá an scannán bunaithe ar an úrscéal dírbheathaisnéiseach Padre Padrone le Gavino Ledda.