Tráthnóintí i dteannta Margueritte

(La Tête en Friche)

Stiúr: Jean Becker
An Fhrainc 2010
82 nóiméad
Teastas: 15A
Cé gur scannán gairid é an scannán seo is maith ann é! Scannán is ea é atá lán de mhothúcháin ach atá an-ghreannmhar mar sin féin. Ba dhóigh leat gur leathamadán é Germain (Depardieu) atá ag iarraidh a bhealach a dhéanamh sa saol.

Bíonn scéal chailleach an uafáis ag a mháthair (Maurier) i gcónaí, agus tá a saol caite aici ag rá leis nach bhfuil ann ach amadán. Cad leis a mbeifí ag súil mar sin ach go n-iompródh sé é féin mar a bheadh amadán ann? Ach tá an-chion ag na comharsana air. Caitheann sé lá i ndiaidh lae i gcaifé a charad Francine (Maurane), agus fios gnó gach aon duine aige. Tuigeann a leannán (Guillemin), ar tiománaí bus í, gur dea-dhuine é. Tuigeann Margueritte (Casadesus), bean atá 95 bliain d’aois, freisin é. Castar air í sa pháirc phoiblí agus léann sí leabhair leis agus cuidíonn sí leis tuiscint cheart a fháil air féin.

Is athrú iontach é an scannán seo ar scannánaíocht leamh Hollywood. Níl aon drogall ar an scannán seo aghaidh a thabhairt ar an saol mar atá sé i ndáiríre gan mór is fiú a dhéanamh de. Is léir go dtuigeann fear déanta an scannáin, Becker, go mbíonn an saol lán de ghreann ach go mbíonn sé crua uaireanta freisin. Agus gur in am na hanachaine go minic a thuigimid an saol i ndáiríre.