(Gibraltar)

The Informant thumb
Stiúr: Julian Leclercq
An Fhrainc 2013
110 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

“Nár bhrise do bhéal do shrón.” Is Francach é Marc Duval atá ag obair faoi cheilt i nGiobráltar d’oifig chustaim a thíre. Éiríonn leis caidreamh a bhunú leis an mangaire drugaí Claudio Lanfredi, a bhíonn ag plé le cairtéil na Colóime. Ach de réir a chéile meallann airgead bog na mangaireachta agus an saol sócúl a ghabhann leis Marc. Ach tagann cor dainséarach sa scéal nuair a chuireann Custaim Shasana a ladar sa scéal agus iad ag iarraidh Lanfredi a ghabháil. Saothar idirnáisiúnta é seo atá lonnaithe sa Spáinn agus i Maracó agus atá bunaithe ar fhíorscéal corraitheach.

The Informant thumb
The Informant thumb