Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Fhómhair 2026 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar le A Private Life (An Fhrainc, 2025) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 24 Meán Fómhair.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €10 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo:
https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 24 Meán Fómhair: A Private Life
  • 01 Deireadh Fómhair: Báite
  • 08 Deireadh Fómhair: My Father's Shadow
  • 22 Deireadh Fómhair: Secret Agent, The
  • 29 Deireadh Fómhair: Effi o Blaenau
  • 05 Samhain: Orphan
  • 12 Samhain: Trad
  • 19 Samhain: Two Prosecutors
  • 26 Samhain: Hen
  • 03 Nollaig: La Grazia