Séasúr an Fhómhair 2025
Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.
Tosófar le Holy Cow (An Fhrainc, 2024) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 25 Meán Fómhair.
Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €10 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 25 Meán Fómhair: Holy Cow
- 02 Deireadh Fómhair: Frewaka
- 09 Deireadh Fómhair: Santosh
- 16 Deireadh Fómhair: From Hilde, With Love
- 23 Deireadh Fómhair: Flow
- 30 Deireadh Fómhair: Jane Austen Wrecked My Life
- 06 Samhain: Cottontail
- 13 Samhain: On Falling
- 20 Samhain: Vermiglio
- 27 Samhain: Dying (TBC)
- 04 Nollaig: The Other Way Around