Séasúr an Fhómhair 2021 - Clár agus Postaer
Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.
Tosófar leis an scannán iontach Limbo ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair.
Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://buytickets.at/clubscannan/593726
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 28 Deireadh Fómhair: Limbo
- 04 Samhain: The Mystery of Henri Pick
Á láithriú le tacaíocht Ambasáid na Fraince in Éirinn agus an Institut Français. - 11 Samhain: Minari
- 18 Samhain: Arracht
- 25 Samhain: The County
- 02 Nollaig: It Must Be Heaven
- 09 Nollaig: New York: Our Time