lean muid
Séasúr an Fhómhair 2025 / Autumn Season 2025
Séasúr an Fhómhair 2025  Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Fhómhair 2025 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar le Holy Cow (An Fhrainc, 2024) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 25 Meán Fómhair.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €10 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 25 Meán Fómhair: Holy Cow
  • 02 Deireadh Fómhair: Frewaka
  • 09 Deireadh Fómhair: Santosh
  • 16 Deireadh Fómhair: From Hilde, With Love
  • 23 Deireadh Fómhair: Flow
  • 30 Deireadh Fómhair: Jane Austen Wrecked My Life
  • 06 Samhain: Cottontail
  • 13 Samhain: On Falling
  • 20 Samhain: Vermiglio
  • 27 Samhain: Dying (TBC)
  • 04 Nollaig: The Other Way Around