Séasúr an Earraigh 2026
Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.
Tosófar le Better Days (An Bheilg, 2025) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 29 Eanáir.
Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €10 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo:
https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 29 Eanáir: Better Days
- 05 Feabhra: Palestine 36
- 12 Feabhra: Souleymane's Story
- 19 Feabhra: Anora
- 26 Feabhra: Young Mothers
- 12 Márta: Aontas
- 19 Márta: Sentimental Value
- 26 Márta: Animalia
- 02 Aibreán: The Voice of Hind Rajab
- 09 Aibreán: It Was Just an Accident
- 16 Aibreán: No Other Choice
