Séasúr an Fhómhair 2022 - Clár agus Postaer
Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.
Tosófar leis an scannán iontach La Belle Époque ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 29 Meán Fómhair.
Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 29 Meán Fómhair: La Belle Époque
- 06 Deireadh Fómhair: An Cailín Ciúin
- 13 Deireadh Fómhair: Olga
- 20 Deireadh Fómhair: Luzzu
- 27 Deireadh Fómhair: Benedetta
- 03 Samhain: Gagarine
- 10 Samhain: The Worst Person in the World
- 24 Samhain: Between Two Worlds
- 01 Nollaig: Quo Vadis, Aida?
- 08 Nollaig: Róise and Frank