lean muid
Séasúr an Fhómhair 2024 / Autumn Season 2024
Séasúr an Fhómhair 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Fhómhair 2024 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar le La Chimera (An Iodáil, 2023) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 26 Meán Fómhair.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €9 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo:
https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 26 Meán Fómhair: La Chimera
  • 03 Deireadh Fómhair: Kneecap
  • 10 Deireadh Fómhair: Rose
  • 17 Deireadh Fómhair: The Zone of Interest
  • 24 Deireadh Fómhair: Perfect Days
  • 31 Deireadh Fómhair: Omen
  • 07 Samhain: Kidnapped
  • 14 Samhain: That They May Face the Rising Sun
  • 21 Samhain: The Beast
  • 28 Samhain: Lo Capitano
  • 05 Nollaig: Evil Does Not Exist

 

jpgClub Scannan Postaer CSS Fómhair 2024446.53 KB