Séasúr an Earraigh 2024 - Clár agus Postaer
Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt. Tá séasúr gearr (4 scannán) againn an uair seo de bharr athchóiriú na hamharclainne ach tá áthas orainn go mbeidh dhá ócáid speisialta againn in éindí leis an séasúr seo. I bpáirtnéireacht le Féile Idirnáisiúnta Átha Cliath (DIFF) 2024 beidh 2 fhadscannáin agus 6 ghearrscannáin againn ón bhféile a bheidh faoi lán seoil ar na dátaí céanna i mBaile Áth Cliath.
Anuas ar sin, agus mar céiliúradh neamhghnách ar Sheachtain na Gaeilge 2024, beidh an scannán Spáinnise, Bascaise agus Fraincise 20,000 Speiceas den Bheach, a bhain go leor gradam amach, á thaispeáint go speisialta le fotheidil Ghaeilge.
Is féidir ticéid a cheannach don séasúr, don bhféile DIFF i gConamara nó do 20,000 Speiceas den Bheach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid
Táimid ag súil go mór le tú a fheiceáil ag an gclub!
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Féile Idirnáisiúnta Átha Cliath 2024 (DIFF), 24 & 25 Feabhra 2024:
- Satharn 24 Feabhra | 8 i.n. | Toni
- Domhnach 25 Feabhra | 12 i.n. | Gearrscannáin na Féile
- Domhnach 25 Feabhra | 2:30 i.n. | Mami Wata
Seachtain na Gaeilge: Taispeántas Speisalta:
- Domhnach 03 Márta | 8 i.n. | 20,000 Species of Bees (Fo-theidil Gaeilge)
Séasúr an Earraigh 2024:
- Déardaoin 07 Márta | 8 i.n. | Anatomy of a Fall
- Déardaoin 21 Márta | 8 i.n. | Our River - Our Sky
- Déardaoin 28 Márta | 8 i.n. | Past Lives
- Déardaoin 04 Aibreán | 8 i.n. | Fallen Leaves