Séasúr an Fhómhair 2026
Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.
Tosófar le A Private Life (An Fhrainc, 2025) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 24 Meán Fómhair.
Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €10 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo:
https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 24 Meán Fómhair: A Private Life
- 01 Deireadh Fómhair: Báite
- 08 Deireadh Fómhair: My Father's Shadow
- 22 Deireadh Fómhair: Secret Agent, The
- 29 Deireadh Fómhair: Effi o Blaenau
- 05 Samhain: Orphan
- 12 Samhain: Trad
- 19 Samhain: Two Prosecutors
- 26 Samhain: Hen
- 03 Nollaig: La Grazia
