lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

 

Silence thumb
Stiúr: Martin Scorsese
Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Téaváin, An tSeapáin 2016
159 nóiméad
Teastas: 12A
 

 

Tá an scéal seo suite sa seachtú haois déag mar a thugann beirt shagart Íosánacha as an bPortaingéil faoi aistear contúirteach go dtí an tSeapáin ar thóir a meantóra, a thug droim láimhe don Chaitliceachas, más fíor do na scéalta. Freastalaíonn siad faoi rún ar na Críostaithe a chastar orthu ach is dóibh féin is measa é má fhaigheann an samurai nó an lucht ceannais amach faoina ngníomhartha. Thug Martin Scorsese breis is 25 bliana ag plé leis an togra seo, a léiríodh den chéad uair sa Róimh i mí na Samhna seo caite agus thug na léirmheastóirí ardmholadh dó. Is saothar machnamhach, corraitheach é seo faoi chúrsaí spioradálta agus nádúr an duine agus beireann sé barr ar shaothair eile de chuid an stiúrthóra cháiliúil.

Silence thumb
Silence thumb