lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Premiere: Pól Ó Foighil – An Tarbh

Léirithe ag Mac Dara Ó Curraidhín
Éire
53 nóiméad
Sa chlár faisnéise uair an chloig seo tugtar léiriú ar shaol Phóil Uí Fhoighil, oide scoile, bainisteoir comharchumainn, ceannródaí pobail, comhairleoir condae, ionadaí tofa in Údarás na Gaeltachta, seanadóir agus comhairleoir don fhorbairt pobail.

Crúthaitear scéal a bheatha ó chomhráite lena mhuintir, lena chairde, agus go deimhin freisin le daoine nár réitigh leis. Leanann na comhráite scannánaithe seo saol Phóil Uí Fhoighil agus an chaoi ar tháinig sé in inmhe mar cheannrodaí, mar ghníomhaí sóisialta agus mar pholaiteoir.

The Bull a thugtaí ar sheanathair leis, agus creidtear go raibh tionchar ag a chúlra neamhchoitianta ar Phól Ó Foighil.