lean muid
Séasúr an Fhómhair 2024 / Autumn Season 2024
Séasúr an Fhómhair 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Bernadette: notes on a political journey

Léirithe ag Lelia Doolan
Éire
Tosnóidh an chéad shéasúr eile le scannán faisnéise den scoth a bhaineann le cúrsaí i dTuaisceart Éireann. Tá áthas ar an gClub Scannán a fhógairt go mbeidh an scannán faisnéise Bernadette: notes on a political journey, ag cur tús leis an séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna.

Thóg sé 9 mbliana ar Lelia Doolan an clár faisnéise corraitheach seo a chur le chéile faoin gníomhaí Bernadette Devlin (Mc Aliskey), a toghadh ina Feisire do Pharlaimint na Breataine agus gan í ach 21 bhliain. Ní raibh sí i bhfad i Westminister gur cuireadh ar fionraí í de bharr ionsaí fisiciúl a rinne sí ar Aire Rialtais, Reginald Maudling sa pharlaimint, mar go ndúirt sé gur "self-defence" a bhí ar bun ag saighdiúirí na Breataine nuair a mharaigh siad 13 i nDoire ar Domhnach na Fola, 1972.

Déanfar Bernadette: notes on a political journey a thaispeáint ar TG4 ar an 30 Eanáir ach tugadh cead don Chlub Scannán an clár faisnéise fíor dhéanta seo a thaispeáint ar an scáileán mór ar an gCéadaoin seo chugainn, i gcompord na hamharclainne atá i Seanscoil Sailearna.

Mar gur taispeántas speisialta é seo, ní bheidh ach €5 (€4) ar an doras agus ar ndóigh beidh saor chead isteach ag daoine a thógann ballraíocht amach don séasúr ar €25 (€20).

Agallamh le Lelia Doolan
www.bfi.org.uk/live/video/780