lean muid

Saol níos fearr

Beidh an scannán Saol níos fearr (In a Better World) á thaispeáint anois ar an Dé Céadaoin 8 Feabhra ag 8.15i.n. in ionad an 15 Feabhra mar a bhí fógraithe cheana.

(Hævnen)

Stiúr: Susanna Bier
An Danmhairg 2010
119 nóiméad
Teastas: 15A
Is scannán iontach eile drámaíochta daonna é seo ón léiritheoir Susanne Bier agus ón scríbhneoir scripte Anders Thomas Jensen. Féachtar go machnamhach ar an rogha idir an síochánachas agus an foréigean i sochaí a mhaítear a bheith sibhialta, mar aon le háiteanna sa Tríú Domhan. Feictear an crá croí agus na géarchéimeanna céanna is a chuir an bheirt seo inár láthair leis na scannáin chlúite Open Hearts, Brothers agus After The Wedding.

Buaiteoir - Gradamh Academy, An Scannán is fearr i dteanga iasachta 2011