Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán
Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 29 Eanáir leis an scannán Violette. Beidh 10 scannán ar fad againn, ó thíortha éagsúla agus i dteagacha éagsúla.
Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema.
Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) in aghaidh scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.
Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:
- 29 Eanáir: Violette (An Fhrainc / An Bheilg 2013)
- 05 Feabhra: The 100-Year-Old Man Who Climbed Out The Window And Disappeared (An tSualainn 2013)
- 12 Feabhra: Ida (An Pholainn 2013) Leis an ngearrscannán Rúbaí roimhré (Éire 2014)
- 19 Feabhra: Human Capital (An Iodáil 2014)
- 26 Feabhra: The Way He Looks (An Bhrasaíl 2013)
- 05 Márta: Two Days, One Night (An Bheilg 2014)
- 12 Márta: Kon-Tiki (An Iorua / An Ríocht Aontaithe 2012)
- 19 Márta: Stations of The Cross (An Ghearmáin 2014)
- 26 Márta: Concerning Violence (An Danmhairg / An tSualainn 2014)
- 02 Aibreán: Cycling With Moliere (An Fhrainc 2013)
Breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon clubscannan.ie nó is féidir glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.
ClubScannan Seasur An Earraigh 2015 Postaer ardtaifigh3.6 MB