Stiúr: Seán Ó Ciardha
Éire 2018
17 nóiméad
Is é seo an chéad ghearrscannán faisnéise atá déanta ag Seán Ó Ciardha agus rachaidh sé i mbun cainte le Mártan Ó Ciardha a dhéanfaidh cur síos ar an am ar tháinig lucht teilifíse BBC chuig teach a mhuintire sna seascaidí chun an saol mar a chaith siadsan ó lá go lá a thaifeadadh. Trí scór bliain i ndiaidh an taifeadta sin, tá lucht na teilifíse ar ais arís go bhfeicfidh siad an tionchar a bhí ag an gcuairt sin orthu.
Taispeánfar an gearrscannán seo roimh Black 47.