Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.
Tosófar leis an scannán iontach Another Round ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 3 Feabhra.
Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.tickettailor.com/events/clubscannan/640831
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 03 Feabhra: Another Round
- 10 Feabhra: The Collini Case
- 17 Feabhra: Wildland
- 24 Feabhra: Never Gonna Snow Again
- 03 Márta: Foscadh
- 10 Márta: Hive
- 24 Márta: Azor
- 31 Márta: There is no Evil
- 07 Aibreán: Drive My Car
- 14 Aibreán: Petite Maman