Séasúr nua Scannán Domhanda
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.
Tosófar leis an scannán iontach Official Competition ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 19 Eanáir.
Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 19 Eanáir: Official Competition
- 26 Eanáir: Return to Dust
- 02 Feabhra: Decision to Leave
- 09 Feabhra: Utama
- 16 Feabhra: Both Sides of the Blade
- 23 Feabhra: The Gravedigger's Wife
- 02 Márta: The Ordinaries
- 09 Márta: Aisling Trí Néallaibh: Clouded Reveries
- 16 Márta: No Bears
- 23 Márta: Corsage
- 30 Márta: Alcarràs
- 06 Aibreán: Tori and Lokita