lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Sceireoga

Beidh an scannán Sceireoga (Little White Lies) á thaispeáint anois ar an Domhnach 4 Nollaig ag 8.15i.n. in ionad an 30 Samhain mar a bhí fógraithe cheana.

(Les Petits Mouchoirs)

Stiúr: Guillaume Canet
An Fhrainc 2010
154 nóiméad
Teastas: 16
Tá cliar den scoth tugtha le chéile ag Guillaume Canet don scannán seo. I measc scoth na n-aisteoirí ón bhFrainc tá Marion Cotillard a bhuaigh duais Academy. Tugann lánúin grúpa daoine le chéile gach aon bhliain sa teach atá acu cois trá mar a gcuirtear tús le laethanta saoire an tsamhraidh agus mar a ndéantar ceiliúradh ar lá breithe duine acu. Fágann siad anachain na cathrach ina ndiaidh acu agus baineann siad sult as an ngrian, as an bhfíon, as an mbia, agus an trá agus as an gcomhluadar.

Ach tá athrú beag ar an scéal i mbliana. Gortaítear duine acu go dona i dtimpiste ghluaisrothair agus iad ar tí Páras a fhágáil le tabhairt faoin teach cois trá. Téann a chairde leis chuig an ospidéal mar a bhfuil sé ina luí gan aithne gan urlabhra faoi dhianchúram. Cad a dhéanfaidh siad? An bhfanfaidh siad i bPáras lena gcompánach, nó an leanfaidh siad orthu chuig an teach cois trá agus a fhios acu gur beag arbh féidir leo a dhéanamh dó? Faoin am a bhfillfidís, shílfeá go mbeadh sé ar a sheanléim agus bheidís in ann cuairt a thabhairt air san ospidéal. Tar éis dóibh cur is cúiteamh a dhéanamh beartaíonn siad ar imeacht leo agus sult a bhaint as an tsaoire. I rith na seachtaine, áfach, tagann an t-uisce faoi thalamh aníos sa ghrúpa. Feictear an grúpa agus é á tharraingt óna chéile ag an teannas ach á choinneáil le chéile de bharr dílseachta agus chuing an phósta.