Is beag léiriú scannánaíochta atá déanta go dtí seo ar an gcogadh coilíneachta a throid an Fhrainc san Ailgéir ó lár na 1950idí nó gur bronnadh a neamhspleáchas ar an tír i 1962. Seo chugainn mar sin scannán Rachid Bouchareb Taobh amuigh den Dlí, an dara cuid de thrí scéal a fhéachann ar Thuaisceart na hAfraice ó na 1920idí go dtí an lá atá inniu ann. Níl ach cúig bliana ann ó rinne Bouchareb an scannán cumhachtach Laethanta Loise (Indigènes) faoi dhaoine ó Thuaisceart na hAfraice a cuireadh ag troid ar son La Patrie i rith an Dara Cogadh Domhanda agus an tslí ar baineadh leas astu, ar náiríodh iad agus ar caitheadh i leataobh iad nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh. Sa scannán Taobh amuigh den Dlí díríonn sé ar thriúr deartháireacha Souni ón Ailgéir. Is iad an triúr aisteoirí céanna a ghlacann páirt sa dráma seo is a bhuaigh an duais don aisteoireacht ab fhearr sa scannán Laethanta Loise ag féile scannánaíochta Cannes.
Mic le feirmeoir bocht in iarthar na hAilgéire is ea Messaoud (Roschdy Zem) atá dathúil agus teanntásach, Abdelkader (Sami Bouajila) atá éirimiúil agus féinmhachnamhach agus Saïd (Jamel Debbouze, duine de na fir ghrinn is iomráite sa Fhrainc) atá lán de bheocht. Sa bhliain 1925 dhíol an tiarna talún feirm an teaghlaigh seo le lonnaitheoirí ón bhFrainc agus ruaigeadh ón bhfeirm iad. Feictear ansin an bhliain 1945 agus daoine ag ceiliúradh i bPáras. Ag an am céanna tá daoine ag glacadh páirte i mórshiúl i mbaile Sétif san Ailgéir nuair a thosaíonn foréigean a fhágann na céadta Eorpach agus na mílte Ailgéarach marbh, ina measc athair na mbuachaillí.
Déanann an scannán iarracht an scéal a léiriú gan a bheith claonta faoi agus gan cosaint a thabhairt don choilíneachas. Éiríonn le Bouchareb an mórphictiúr polaitiúil agus daonna a thabhairt, agus is iontach go deo an léiriú a dhéanann Jamel Debbouze ar Saïd, atá réalaíoch agus neamhshotalach, a bhfuil grá aige dá dheartháireacha ach nach gcreideann sa réabhlóid agus sna rudaí a éilítear orthu a dhéanamh.