lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(Belyy Tigr)

White Tiger thumb
Stiúr: Karen Sharkhnazarov
An Rúis 2012
104 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá an scéal diamhair seo suite i laethanta deiridh an dara cogadh domhanda. Tanc cogaidh faisisteach mistéireach é ‘White Tiger’ a thagann gan choinne agus a dhéanann scraith de thancanna agus de shaighdiúirí na Rúise. Bailíonn sé leis ansin, gan tásc ná tuairisc.

Ní thagann ach aon saighdiúir amháin slán as an sléacht agus cé gur dódh go dona é, tagann sé chuige féin tar éis cúpla seachtain. Tá gach rud imithe i ndearmad air ach maíonn sé go bhfuil sé in ann cumarsáid a dhéanamh le feithiclí armúrtha agus gur faoi féin anois atá sé an White Tiger a scrios.

Meascán de scéal cogaidh agus finscéal fantaisíochta é seo ina dtroidtear cathanna corraitheacha. Cuirtear clabhsúr leo le linn cluiche folach bíog i scáilbhaile beag in oirthear na hEorpa. Rinneadh comparáid idir an scannán seo agus Moby Dick. Is cosúil nach bhfuil na saighdiúirí in ann an tanc a chloí agus ní thuigeann siad gur óna n-easpaí daonna féin a eascraíonn an Tíogar taibhsiúil seo. Tá an scannán seo an-fheiliúnach d’Oíche Shamhna!

 

White Tiger thumb