lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(Le passé)

The Past thumb
Stiúr: : Asghar Farhadi
An Iaráin 2013
130 nóiméad
Teastas: 12
 

 

Scannán bleachtaireachta, lán le mothúcháin é seo leis an stiúrthóir Iaránach, Asghar Farhadi, a bhuaigh Oscar don dráma A Separation. Téama na clainne nua-aimseartha atá sa scéal seo atá suite ar imeall Pháras. Bhris Ahmad amach lena bhean, Marie, ceithre bliana ó shin agus anois tá sé tagtha anall as Tehran chun deireadh oifigiúil a chur leis an bpósadh. Aithníonn Ahmad ar iníon Marie go bhfuil míshuaimhneas sa gclann agus téann sé ag cartadh. Tá cliar an scannáin seo gan cháim, go háirithe Bérénice Bejo agus í i bpáirt na máthar teasaí, scaipthe. Tá script chumasach, thomhaiste scríofa ag Farhadi, script a ligeann leis na rúin de réir a chéile.

The Past thumb
The Past thumb