lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(Al midan)

The Square thumb
Stiúr: Jehane Noujaim
An Éigipt 2013
95 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Tugann an scannán faisnéise seo an lucht féachana go ceartlár na réabhlóide a tharla ar Tahir Square na hÉigipte mar a raibh sé ina chíor thuathail ar feadh tréimhse. Léirítear gnéithe éagsúla den éirí amach: an réabadh agus an clampar; dílseacht agus paisean na ndaoine; míreanna YouTube, comhghuaillíochtaí a athraíonn ar iompú do bhoise gan trácht ar arm a bhíonn lá leis na daoine agus lá eile ina gcoinne. Tá radhairc iontacha anuas ar an aicsean a thaispeánann na sluaite ag plódú na cathrach. Tá teachtaireacht ann: ní bheathaíonn na briathra na bráithre; tá gá le hagóidíocht fhisiciúil chun torthaí a bhaint amach. Beidh an lucht féachana i ngreim ag an scéal seo, scéal nach bhfuil deireadh fós leis.

The Square thumb