Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán
Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 30 Eanáir leis an scannán Renoir. Beidh 11 de scannáin ar fad againn, ó thíortha éagsúla agus i dteagacha éagsúla.
Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema, eagraíocht a dheineann comhordanú ar clubanna scannán beaga ar fud na tíre.
Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach dona scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) per scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.
Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:
- 30 Eanáir: Renoir (An Fhrainc 2012)
- 06 Feabhra: The Great Beauty (An Iodáil 2013)
- 13 Feabhra: Blancanieves (An Spáin / An Fhrainc 2012)
- 20 Feabhra: The Deep (An Íoslainn / An Iorua 2012)
- 27 Feabhra: A Terrible Beauty (Éire 2013)
- 06 Márta: The Broken Circle Breakdown (An Bheilg 2012)
- 13 Márta: Like Father, Like Son (An tSeapáin 2013)
- 20 Márta: The Wall (An Ostair 2011)
- 27 Márta: Shun Li and The Poet (An Iodáil 2011)
- 03 Aibreán: Easy Money (An tSualainn 2010)
- 10 Aibreán: Wadjda (An Araib Shádach 2012)
Breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon clubscannan.ie nó is féidir glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.