(Soshite chichi ni naru)
Stiúr: Hirokazu Kore-Eda
An tSeapáin 2013
120 nóiméad
Teastas:PG
Nuair a thosaíonn a ngasúir ar scoil, faigheann dhá lánúin amach gur babhtáladh a bpáistí nuair a rugadh iad. Déanann siad teagmháil le chéile agus bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar an gceist mhór – an gcoinneoidh na tuismitheoirí an gasúr a thóg siad nó an nglacfaidh siad ar ais lena maicín nádúrtha? Bhí an-tóir ag na léirmheastóirí ar an saothar seo.