lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Fear Fáidh

 

Tá sé socraithe an scannán a bhí le bheith sa Seanscoil anocht, 9 Nollaig, a chur siar seachtaine. In áit é a thaispeáint anocht beidh A Prophet á thaispeáint ar an scáileán mór sa Seanscoil ar an Déardaoin seo chugainn, 16 Nollaig ag 8.15.

(Un prophète)

Stiúr: Jacques Audiard
An Fhrainc 2009
155 nóiméad
Teastas: 16
Scannán den scoth is ea Fear Fáidh le Jacques Audiard a insíonn scéal faoi phríosún agus faoi choirpigh. Tá cuma mhórscannán na linne air ó thús deireadh. Níl aon dabht ach go bhfuil fios a ghnó ag an stiúrthóir seo agus tugann sé léiriú den chaighdeán is airde uaidh leis an scannán seo. Is léir gur smaoinigh sé ar gach gné de.

Gearrtar tréimhse phríosúin sé bliana ar fhear óg atá naoi mbliana déag d’aois, Malik El Djebena, de bharr go ndearna sé ionsaí ar phoilíní. Agus é gan chara gan airgead, níl cosaint dá laghad ag Malik sa choiriúlacht agus san fhoréigean a bhíonn ar bun idir buíonta Corsacha agus buíonta Muslamacha. Tugann César Luciani air Muslamach, Reyeb, a mharú agus ansin tugann sé cosaint agus tacaíocht dó. Is mó ceacht atá le foghlaim ag Malik sa tréimhse a chaitheann sé sa phríosún.

Buaiteoir – Duais an Mhórghiúiré, Féile Scannán Cannes 2009
Buaiteoir – An Scannán is Fearr - Féile Scannán Londain 2009