lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Machan

Stiúr: Uberto Pasolini
Srí Lanca 2008
109 nóiméad
Teastas: CLUB
Deir an Chónaidhm Idirnáisiúnta Liathróide Láimhe go bhfuil 35 náisiún ina mbaill aitheanta acu san Áise. Níl Srí Lanca ar cheann acu. Leoga, is beag tuiscint, is cosúil, atá ag muintir Shrí Lanca ar an spórt áirithe sin, gan trácht ar fhoireann náisiúnta a bhunú. Mar sin féin, sa bhliain 2004, d’éirigh le 23 duine ó Fhoireann Náisiúnta Liathróide Láimhe Shrí Lanca a mbealach a dhéanamh chuig comórtas idirnáisiúnta a bhí ar siúl in Wittislingen, Bavaria. I ngan fhios do lucht eagraithe an chomórtais, lig siad orthu go raibh siad ag glacadh páirte ann. Ní hamhlaidh go raibh sé i gceist acu dul san iomaíocht, ach theastaigh uathu cruatan an tsaoil sa bhaile a fhágáil ina ndiaidh acu.

Cé go dtéann Machan i ngleic le ceisteanna leochaileacha na sochaí, déantar le greann agus le haer an tsaoil é. Seachas scéal chailleach an uafáis a dhéanamh faoin mbochtanas a fhulaingíonn na príomhcharachtair, is amhlaidh go gcuireann Pasolini scéal réalaíoch os ár gcomhair. Tugann an stiúrthóir, ina chéad scannán dó, aghaidh ar cheist na himirce. Cé go dtugann scéal cruatain an ghrúpa seo le fios dúinn gur scannán é a bhfuil ceacht ag baint leis, mar sin féin ní éiríonn Machan rómhaoithneach ná rómhéaldrámata ach insíonn sé an scéal atá lán de thrócaire agus de dhóchas.

Adam Woodward / Little White Lies Magazine

Buaiteoir – Lipéad Phictiúrlanna na hEorpa, Féile Scannán Idirnáisiúnta na Vinéise 2008