lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

MicMacs

(Micmacs à tire-larigot)

Stiúr: Jean-Pierre Jeunet
An Fhrainc 2009
105 nóiméad
Teastas: 15A
Ar shochraid a athar dó, tugtar bosca don ógánach Bazil (Dany Boon) ina bhfuil nithe pearsanta, ina measc spleantair den bpléascán talún a mharaigh a athair. An lá áirithe seo, na blianta ina dhiaidh sin, aithníonn Bazil, atá ina fhear fásta anois, lógó an chomhlachta a rinne an pléascán sin. Ait an rud é, ach sin é an comhlacht céanna a rinne urchar a bhuail sa cheann trí thimpiste é agus é ina sheasamh ag doras a shiopa DVD agus comhrá ón Big Sleep á aithris aige. Tá an t-urchar fós ina cheann mar nárbh fhéidir a bhaint amach agus tá an baol ann go mba chúis bháis dó é tráth ar bith. Beartaíonn sé ar dhíoltas a bhaint amach ar an lucht díolta airm sin a mharaigh a athair agus a ghoin a cheann.

Déanann Bazil agus a bhuíon aithris ar laochra scannáin agus iad ag iarraidh teacht ar na daoine sin agus an ceann is fearr a fháil orthu. Tá buanna faoi leith ag gach duine acu, ach is ar mhaithe le greann a fheictear ag obair as lámha a chéile iad. Agus iad ag an aerfort, cuir i gcás, úsáideann siad róbaí ón Afraic, salámaí, rásúr agus cás taistil a bhfuil comhla rúnda ann le cur i leith cúlaistín atá ag obair do dheachtóir ón Afraic go bhfuil sé ag smugláil drugaí. Is leor nod don eolach!

Níl duine is fearr ná Jeunet ó thaobh scannán a dhéanamh de ghreannán, amhail dheartháireacha Coen le Raising ArizonaThe Big Lebowski. Is beag duine atá in ann é a shárú ó thaobh seiftiúlachta agus luais de sna scannáin a dhéanann sé. Scannán maith gan aon agó.

John Walsh, The Independent