(Dast-neveshtehaa nemisoosand)
Stiúr: Mohammed Rasoulof
An Iaráin 2013
125 nóiméad
Teastas: 15
Thug rialtas na hIaráine foláireamh do stiúrthóir an scannáin seo éirí as a dhéanamh agus is cosúil anois go ngearrfar téarma príosúin air mar phionós. Cuirtear gníomhairí rialtais faoi ordú lámhscíbhinn a scriosadh. Tá cuntas sa leabhar seo ar phlean roinnt scríbhneoirí aitheanta a fheallmharú. Díríonn an scannán cróga seo ar an bhforéigean agus ar an gcrá croí a bhaineann le cúrsaí cinsireachta.