Stiúr: Abderrahmane Sissoko
An Fhrainc / An Mharatáin 2014
97 nóiméad
Teastas: 12A
Tá an scannán seo lonnaithe i dtuaisceart Mhailí mar a léirítear an drochbhail a chuir ionradh an jiohád ar na daoine. Athraíonn an saol ó bhonn nuair a chuirtear iallach ar na mná iad féin a chlúdach agus nuair a chuirtear cosc ar cheol, sacar agus ar chaitheamh aimsire áirithe. I dTimbeactú, déanann an t-iomám áitiúil iarracht seasamh roimh na hionróirí ach brúnn na fanaicigh a leagan féin den sharia ar mhuintir na háite.
Bhuaigh sé seo an Duais Éacúiméineach ag Féile Cannes in 2014.
Roimhe seo taispeanfar Maidhm, gearrscannán le Seán Breathnach.