lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Ar a Son

(Pour Elle)

Stiúr: Fred Cavayé
An Fhrainc 2008
96 nóim. - Teastas: 15A
Is iomaí rud a dhéanfadh fear do spéirbhean. Cuir i gcás Lisa (Diane Kruger). Chuirfeadh a scéimh fear ar bith le báiní. Ní hamháin go mbeireann sí barr áille ar a có-mhná, ach tugann sí grá dochloíte dá fear céile agus dá leanbh, Oscar (Lancelot Roch).

Is beag ionadh, mar sin, gur beag rud nach ndéanfadh a fear céile Julien (Vincent Lindon), ar múinteoir é, lena saoradh ó phríosún nuair a chuirtear dúnmhárú ina leith go héagórach.

Déanann an léiritheoir, Fred Cavayé, jab maith den chéad scannán seo uaidh, a bhfuil cuma scannán Hitchcock air. Ní féidir a rá gur scannán snasta é ach is maith ann é mar sin féin.