lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Rang De Basanti

Stiúr: Rakesh Omprakash Mehra
An India 2006
157 nóim. Teastas: Club
Anois is arís déanann Bollywood scannán nach ceoldráma é agus bíonn an-rath go deo air. Insíonn Rang De Basanti scéal scannánóra ó Shasana a thaistealaíonn go hIndia chun clár faisnéise a dhéanamh faoi throdaithe na saoirse a luaigh a seanathair ina chuimhní cinn. Lena mheascán de rómánsaíocht, de stair agus den tráchtaireacht shóisialta, tugann an léiriú iontach seo treo nua do scannánaíocht Hindi.

Tá fíricí stairiúla agus téamaí agus carachtair nua-aimseartha fite fuaite ina chéile sa scannán iontach seo a bhuí le scríbhneoireacht agus léiriú cliste Mehra. Bímid gafa láithreach ag plota an scannáin a thugann léargas dúinn ar an sean agus ar an nua araon. Tugann Khan taispeántas iontach uaidh mar a dhéanann i gcónaí, ach beireann Patten barr bua air agus í i bpáirt an eachtrannaigh a chuireann ionadh ar lucht na háite lena fheabhas is atá a cuid Hinise. Is iontach go deo an taispeántas a thugann an mhórfhoireann uathu, agus iad ag cur ina luí orainn gan aon agó gur ógánaigh iad atá ag foghlaim faoin tábhacht a bhaineann leis an íobairt phearsanta. Scannán den scoth a gcuirfidh go leor leor daoine spéis ann; ba chóir gach scannán de chuid Bollywood a bheith cosúil leis an gceann seo. - BBC Films