lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Néal a Naoi

(Wolke Neun)

Stiúr: Andreas Dresen
An Ghearmáin 2008
98 nóiméad - Teastas: Club
Is cloíte an galar an grá. Sin an teachtaireacht atá an léiritheoir Gearmánach, Andreas Dresen, a thabhairt leis an scannán drámaíochta nua seo uaidh, a thugann spléachadh ar shaol casta, sásta agus céasta Inge. Bean í atá sna seascaidí agus atá pósta sásta, déarfá, nó go dtosaíonn caideamh le fear atá níos sine ná í féin. Leanann an ceamara go cúramach í agus feicimid go neamhnáireach teaspach an ghrá, ach is é drámaíocht an scannáin seo an bua atá aige seachas pé léiriú a dhéanann sé ar chúrsaí collaíochta.

Ní fada go mbíonn an scannán i lár an aicsin: laistigh den chéad dá nóiméad, feictear Inge, ar bean fuála í, agus Karl (Westphal), fear atá 76 bliana d’aois, ag cur aithne níos fearr ar a chéile ar tholg a seomra suí, i ndiaidh di caoi a chur ar a threabhsar dó. Is ina dhiaidh sin a thuigimid go bhfuil Inge pósta ar Werner (Rehlberg), fear smuilceach ach macánta atá ar comhaois léi féin agus ar breá leis féachaint ar fhíseáin faoi innill díosail um thráthnóna. Is é fadhb Inge ná go bhfuil sí fós lena fear céile brufar tar éis tríocha bliain, agus go rachaidh sé dian uirthi é a fhágáil agus imeacht le fear eile.

Buaiteoir – Duais Un Certain Regard / Jury Coup de Coeur, Féile Scannán Cannes 2008

 

(nasc eile)