lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Pictiúirí Greanta

(Maria Larssons eviga ögonblick)

Stiúr: Jan Troell
An Danmhairg / An Fhionlainn / An Iorua / An tSualainn / An Ghearmáin 2008
131 nóiméad - Teastas: 15A
Is dráma traidisiúnta, discréideach, aoibhinn ar an tseanstíl é an scannán seo a rinne Jan Troell faoi bhan-ghrianghrafadóir sa tSualainn ag tús an chéid seo caite. Éiríonn leis an luas díreach ceart a aimsiú agus é ag insint an scéil seo agus déantar cúram do gach cuid de. Caitear go báúil le laocha agus le rógairí araon sa léiriú seo ar theaghlach amháin agus ar saol lucht oibre na linne sin.

Insítear an scéal go beacht agus go húdarásach, idir éirim an phlota agus mhionsonraí an scéil. Is bean bheag, teanntásach, mhisniúil í Maria, a thugann dúshlán a fir chéile agus a cinniúna, a chosnaíonn a leanaí go tréan agus a chuimhníonn ar bhua na grianghrafadóireachta a thabhairt suas ar a son. Is brúid shoilbhir é Sigfrid a dtéann sé dian air guaim a chur ar a thart agus ar a fhearg. Is é éirim an scéil seo coimhlint na beirte, scéal nach n-éirímid tuirseach de beag ná mór. - Screen International