lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

An cailín a chuaigh ag spraoi le tine

(Flickan som lekte med elden)

Stiúr: Daniel Alfredson
An tSualainn 2009
129 nóiméad
Teastas: 16
Is iontach an carachtar í Lisbeth Salander, haicéir ríomhaireachta déghnéasach atá clúdaithe le tatúnna, carachtar atá i gcroílár na dtrí úrscéal a scríobh an t-úrscéalaí ón tSualainn Stieg Larsson agus a foilsíodh i ndiaidh a bháis. Tá an carachtar sin frithshóisialta agus ceanndána, tá spéis thar na bearta aici i ríomhairí, is trodaí í, “itheann” sí na toitíní agus is mór an spéis atá aici i gcúrsaí collaíochta. Tá an oiread sin gnéithe ag baint léi gur deacair le duine fanacht siar uaithi.

Is iriseoir é Mikael Blomkvist a thugann cluas le héisteacht do Lisbeth. Tagann an bheirt acu ar chomhchealga gránna a bhfuil baint ag fir chumhachta leo agus a bhaineann an bonn den tsochaí chomhaimseartha.

Is mó rud a thiteann amach sa scannán seo ach is é an taispeántas a thugann Noomi Rapace uaithi is mó a théann i bhfeidhm ar dhuine. Cé gur spideoigín aclaí í, feicimid a cuid feirge anois is arís mar aon lena leochaileacht agus is iontach an léiriú é. Is gearr go ndéanfaidh Hollywood leagan dá gcuid féin den scannán seo, ach cá bhfuil an t-aisteoir Béarla a mheaitseálfadh Rapace gan trácht ar a sárú?

The Light House Cinema programme notes