lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

An Rún sna Súile acu

(El Secreto de sus ojos)

Stiúr: Juan José Campanella
An Airgintín 2009
129 nóiméad
Teastas: 16
Seo chugainn arís an stiúrthóir Juan José Campanella a inmníodh do ghradam Acadamy leis an gcéad mórscannán uaidh ó 2004, tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh ag stiúradh cláracha teilifíse ar nós Law & Order, 30 Rock agus House. Tá an scannán seo suite i dtír a dhúchais, an Airgintín, arb é atá ann ná coirdhráma a bhfuil scéal grá ina chroílár.

Agus é díreach tar éis éirí as a phost le cúirt choiriúil na hAirgintíne, tosaíonn Benjamín Espósito (Ricardo Darín) ag scríobh úrscéil faoi chás a raibh baint aige leis agus atá á chiapadh go fóill. Sa bhliain 1974, rinneadh éigniú ar chailín álainn nuaphósta agus maraíodh í ina teach agus a fear céile ag obair sa bhanc. Cuireadh Espósito amach chun an choir a fhiosrú.

Agus é ag féachaint ar shúile fir i bpictiúirí a tógadh agus an bhean óg ar an ollscoil, is léir do Espósito gurb é sin an fear a mharaigh í. Tá sé meáite ar an bhfear sin a ghabháil agus cuireann sé a shaol féin agus saol a chomhghleacaí, duine rí-éirimiúil ach alcólaí nach féidir braith air, i mbaol. Ceistíonn an scéal seo an bhrí atá le dlí agus ceart agus le téarma príosúnachta saoil. Dá bhuaine an phian is seacht mbuaine an grá.

Diana Sanchez, Féile Scannán Idirnáisiúnta Toronto 2009

Buaiteoir – An Scannán is fearr i dteanga iasachta, Gradaim Academy 2010