lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Vincere

Stiúr: Marco Bellocchio
An Iodáil 2009
128 nóiméad
Teastas: 15A
Sa scannán iontach seo déantar mionscrúdú ar óige Mussolini. Is mó bliain atá caite ag Bellocchio ag déanamh scannán, lena n-áirítear cuid de na scannáin Iodálacha iarchogaidh is tábhachtaí a rinneadh riamh, agus is iontach an léiriú a dhéanann sé ar an scannán seo. Eiseamláir is ea Vincere do dhuine ar bith atá ag iarraidh scéal duine cháiliúil a insint.

Bheartaigh Bellocchio ar dhíriú ar Mussolini agus é ina fhear óg, sula ndearnadh Il Duce de, agus dá bhrí sin tá deis aige dul i ngleic le gnéithe de shaol an deachtóra nach raibh cur amach ag daoine orthu, rún a shaoil san áireamh: is é sin go raibh bean agus mac aige, ina óige dó, nach bhfuil aon chuntas orthu in insintí staire agus nach dugtar aon aitheantas dóibh.

Déanann Bellocchio drámatú iontach ar an scéal seo agus é ag úsáid míreanna scannáin cartlainne le cur síos a dhéanamh ar an gcaidreamh agus ar a raibh ag titim amach sa saol ag an am. B'iontach an oscailt súl é an scannán seo d'Iodálaigh, ní hamháin agus iad ag féachaint ar an Duce agus é ina steillbheatha ar an scáileán mór, ach leis an gcomparáid a spreagtar idir Mussolini agus príomh-aire reatha na hIodáile, Berlusconi, rud a shéanann Bellocchio. Scannán den scoth is ea é.

Piers Handling, Féile Idirnáisiúnta Scannán Torontó