lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

 

Court thumb
Stiúr: Chaitanya Tamhane
An Ind 2014
116 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tógann an scannán seo cás cúirte amháin san Ind, le súil chriticiúl a chaitheamh ar an gcóras dlí ann. Baineann scéal an scannáin le fear séimh, a thógann bus le dul ag slógadh polaitiúl, áit a chasann sé amhráin ag caitheamh anuas ar an seictreachas, ar náisiúnachas agus ar an gcóras caste san Ind. Stoptar é agus cuirtear é faoi ghlas, le cur os comhair na cúirte. An fhad is a leanann éisteachaí cúirte a chéile, coinnítear é faoi ghlas. Sa deireadh níl sa gcúirt ach bealach eile lena chearta a cheilt agus pionós a ghearradh air, mar atá ag tarlú don Bhleá Cliathach, Ibrahim Halawa, faoi láthair san Éigipt.

Tharlo, an scannán a bhí ceapaithe le taispeáint an Déardaoin seo, níl sé ar fáil. Ina áit beidh Court á thaispeáint, scannán ón Ind.

Court thumb
Court poster thumb