lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

 

Off the Beaten Track thumb
Stiúr: Dieter Auner
Éire, An Rómáin 2011
87 nóiméad
Teastas: PG
 

 

Cur síos ar an gcaoi a dtéann na daoine i dtuaisceart an Trasalváin i ngleic leis an athrú saoil atá sa scannán seo. Ó chuaigh an Rómáin isteach san Aontas Eorpach, is féidir leis na fir an méid a shaothraíonn siad in aon bhliain amháin mar aoirí a thuilleamh in aon mhí amháin sa nGearmáin. Aoire óg atá fós sna déaga atá faoi chaibidil sa scannán faisnéise seo agus feicimid mar a chaitheann sé an bhliain oibre ag aoireacht, ag sábháil an fhéir, ag déanamh cáise agus ag tumadh caorach. Tá mion-chur síos ann ar ghnátheachtraí a shaoil: ag ceannach cairr, ag díol na n-uan, an turas go dtí an Ghearmáin, na hoícheanta dorcha thuas ar an sliabh agus mar sin de.

I láthair beidh an stiúrthóir an scannáin, Dieter Auner, a bhfuil cónaí air i Maigh Cuilinn, agus é réidh le ceisteanna a fhreagairt tar éis an taispeántais.

 

Off the Beaten Track thumb
Off the Beaten Track thumb
Off the Beaten Track poster thumb
<div class="rt-image film-photo"> 	<a href="images/stories/scannain/2017-earrach/Off_the_Beaten_Track_4_full.jpg" target="_blank" data-rokbox-album="film" data-rokbox="1"><img src="images/stories/scannain/2017-earrach/Off_the_Beaten_Track_4_thumb.jpg" alt="Off the Beaten Track thumb" /></a> </div>
Off the Beaten Track thumb
Off the Beaten Track thumb
Off the Beaten Track thumb