lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

 

Francofonia thumb
Stiúr: Aleksandr Sokurov
An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ísiltír 2015
88 nóiméad
Teastas: PG
 

 

Tugtar léargas ar stair an Louvre ó aimsir na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann sa scannán ilghnéitheach, Francofonia, saothar a leagann béim ar ról na healaíne inár saol. Feicimid Marianne, siombail Phoblacht na Fraince, agus Napoleon ina steillbheatha agus iad ag siúl na bpasáistí ag plé na saothar áille ealaíne atá i gcoimeád sa dánlann iomráiteach seo.

Forghabháil na Naitsithe ar chathair Pháras i 1940 agus mar a tháinig seoda an Louvre slán atá mar chroílár an scannáin seo. Faoin am a tháinig an Cúnta Franz Wolff-Metternich go dtí an iarsmalann, bhí an chuid is mó de na saothair ealaíne imithe agus curtha i dtaisce in áiteanna difriúla ar fud na tíre. Bhí sé de dhualgas airsean tuairisc na bpictiúr a chur agus cuntas a choinneáil ar an méid a bhí fágtha. Iarrann an Gearmánach borb, éilitheach comhoibriú iomlán ó stiúrthóir an mhúsaeim, Jacques Jaujard, fear stuama, cúirtéiseach, atá ar dhuine den bheagán státseirbhíseach atá fós fágtha i gcathair Pháras.

Bronnadh dhá ghradam ar an scannán seo ag Féile Scannán na Veinéise, 2015.

Francofonia thumb
Francofonia thumb