lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

Féile Scannán na Réabhlóide 2016

Buy Tickets Now >

Postaer na Feile 2016 thumb

jpgFéile 2016 Postaer ardtaifigh4.6 MB

Tá Club Scannán Sailearna ag reachtáil féile scannán i gConamara i 2016 mar chomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916. Beidh scannáin Éireannacha faoin Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse chomh maith le scannáin aitheanta idirnáisiúnta ar théama na réabhlóide á dtaispeáint thar thrí lá (27-29 Bealtaine) in Amharclann na Seanscoile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Beidh léachtaí agus seisiúin phlé le saineolaithe agus scannánóirí aitheanta ar an gcaoi a gcuirtear 1916 agus réabhlóidí i gcoitinne in iúl trí mheán na scannánaíochta. I measc na scannán a bheidh á dtaispeáint beidh Mise Éire (1959), Áille an Uafáis / A Terrible Beauty (2013), October - Ten Days That Shook the World (1928) agus The Battle of Algiers (1966). I measc na gcainteoirí atá deimhnithe beidh na saineolaithe staire agus scannáin Mary HarrisDes Geraghty agus Seán Crosson chomh maith le scannánóirí ar nós Bob Quinn.

Is club scannán pobail é Club Scannán Sailearna atá lonnaithe in Amharclann na Seanscoile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Bunaíodh an club in 2007 agus ó shin i leith táthar ag taispeáint scoth na scannán sainealaíne idirnáisiúnta agus Gaelach thar dhá shéasúr in aghaidh na bliana don phobal. Cláraítear thart ar thrí scór ball leis an gclub gach séasúr agus bíonn taispeántais speisialta á n-eagrú ag an gclub go rialta a dhéanann céiliúradh ar scannánaíocht i mionteangacha agus faoi mhionchultúir. I measc na n-ócáidí speisialta seo reachtáladh súil siar ar shaothar Bob Quinn agus taispeántas dúbailte ‘Scannáin ón Imeall’ i gcomhar le Cinemobile.

Buy Tickets Now >

 

Cathal Goan, iarcheannasaí RTÉ agus an chéad cheannaire ar TG4 a sheolfaidh an fhéile scannán seo atá mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar:

 

  Amharclann na Seanscoile An Cinemobile An Poitín Stil
Aoine 27 Bealtaine 2016
20.00 Áille an Uafáis / A Terrible Beauty
Éire (2013) 92 nóim
Persepolis
An Fhrainc (2007) 96 nóim
The Square
An Éigipt (2013) 95 nóim
Satharn 28 Bealtaine 2016
11.00 Man of Iron
An Pholainn (1981) 153 nóim
The Revolution Will Not Be Televised
(Chavez: Inside the Coup)
Éire (2003) 75 nóim
Rocky Road to Dublin
(1968) 69 nóim
15.00 Mother Ireland
Éire (1991) 54 nóim
Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide
Éire (2015) 53 nóim
An Tine Bheo
Éire (1966) 45 nóim
Concerning Violence
An tSualainn (2014) 78 nóim
Caoineadh Airt Uí Laoghaire
Éire (1975) 52 nóim
Splanc Deireadh na Gaeltachta
Éire (2000) 53 nóim
20.00 Mise Éire
Éire (1959) 85 nóim
The Battle of Algiers
An Iodáil / An Ailgéir (1966) 117 nóim
FÉACH..1916..Gaillimh 12 nóim
Bású : Liam Mellows 26 nóim
Diarmuid Lynch 26 nóim
Domhnach 29 Bealtaine 2016
11.00 Bernadette 'Súil Siar ar Aistear Polaitíochta'
Éire (2011) 87 nóim
October – Ten Days That Shook the World
An Rúis (1928) 142 nóim
Saoirse?
Éire (1961) 90 nóim
15.00 Soy Cuba / I am Cuba
Cúba (1964) 108 nóim
Eoin Mac Néill: Fear Dearmadta 1916 / The Forgotten Man of 1916
Éire (2016) 50 mins
Children of the Revolution
Éire (2010) 92 nóim

Buy Tickets Now >

Beidh breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon www.clubscannan.ie nó is féidir eolas a fháil faoin gClub Scannán ach glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.